Dreigítí a tháinig ó Mhars

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An dreigít Allan Hills 84001, nó ALH84001, a fuarthas in Antartaice sa bhliain 2011. D'fhógair NASA gurb as Mars í dar leo féin.

Tá dornán dreigítí faighte ar an Domhan a bhfuil an chuma orthu gurb as Mars a tháinig siad ar an chéad ásc. Tá aithne baictéirí seanársa ar dhá cheann acu, mar a fheictear do chuid de na saineolaithe. Ar an 6ú lá de Mhí Lúnasa, 1996, d'fhógair údarás spáis na Stát Aontaithe go raibh ion-taisí i ndiaidh orgánaigh aonchillíneacha aitheanta ar an dreigít úd ALH84001. Ábhar conspóide is ea é i gcónaí an ion-taisí a bhí ann dháiríre, agus an leor iad mar chruthúnas go raibh beatha, fiú aonchillíneach, ar dhroim Mharsa riamh.

Ar an gceathrú lá déag de Mhí Aibreáin, 2004, d'fhógair NASA gurbh ionann an chloch úd Bounce, a ndearna an gluaisteán cianstiúrtha úd Opportunity taighde uirthi, - gurbh ionann an chloch seo ó thaobh a comhdhéanta de agus an dreigít úd EETA79001-B ar thángthas uirthi san Antartach thiar sa bhliain 1979. Is dócha gur tháinig siad as an gcráitéar céanna ó thús, nuair a cruthaíodh an cráitéar sin, nó ó dhá chráitéar a bhí suite réasúnta gar dá chéile, ar a laghad.