Doctor Who

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Doctor Who
TARDIS2.jpg
An TARDIS
Seánra Ficsean eolaíochta
Fad na n-eipeasóidí 25 nóiméad (1963–84, 1986–89), 45 nóiméad (1985, 2005–inniu)
Dearthóir(í) Sydney Newman, C. E. Webber, Donald Wilson
Léiritheoir(í) {{{léiritheoir}}}
Foireann
Teanga Béarla
Tír An Ríocht Aontaithe
Craoltóir BBC
Chéad rith 1963 –
Méid eipeasóidí 783

Clár teilifíse Briotanach is ea Doctor Who. Ficsean eolaíochta atá ann, agus é á dhéanamh ag an BBC. Craoladh an chéad eipeasóid, "An Unearthly Child", ar 23 Samhain 1963. Cealaíodh an clár sa bhliain 1989, ach d'fhill sé sa bhliain 2005; rinneadh scannán teilifíse sa bhliain 1996, leis. Tá 783 eipeasóid craolta ag an BBC ó thosaigh an clár.

Baineann an clár le heachtraí thaistealaí ama mistéireach ar a dtugtar the Doctor (an Dochtúir). An TARDIS a thugtar ar an long ina dtaistealaíonn sé trí am agus spás. Tá cuma seanbhosca póilíní ar an TARDIS ar an taobh amuigh, ach tá sé i bhfad níos mó ar an taobh istigh. Is Time Lord ("Tiarna Ama") é an Dochtúir, ar as an bpláinéad Gallifrey dó. Tá an Dochtúir breis is naoi gcéad bliain d'aois, agus faigheann sé corp nua ó am go ham trí phróiseas ar a dtugtar regeneration ("athnuachaint"). Mar sin, tá aon aisteoir déag tar éis carachtar an Dochtúra a léiriú ar an gclár ó thosaigh sé:

  1. William Hartnell (1963–1966)
  2. Patrick Troughton (1966–1969)
  3. Jon Pertwee (1970–1974)
  4. Tom Baker (1974–1981)
  5. Peter Davison (1981–1984)
  6. Colin Baker (1984–1986)
  7. Sylvester McCoy (1987–1989, 1996)
  8. Paul McGann (1996)
  9. Christopher Eccleston (2005)
  10. David Tennant (2005–2010)
  11. Matt Smith (2010–).

Is iomaí duine cáiliúil a ghlac páirt sa chlár, mar shampla Simon Pegg, Lee Evans, Felicity Kendal, Catherine Tate, Peter Kay, Sharon Osbourne, McFly agus Richard Wilson.


Vicipéid
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.