Dlí Curie

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Thaispeáin Pierre Curie i 1895 go raibh an mhaighnéadaíocht in ábhar paramaighnéadach díreach i gcomhréir leis an gcóimheas, B/T, más é B an floscdhlús maighnéadach is T an dearbhtheocht i gceilviní. Nuair a mhéadaítear B, méadaíonn sé sin ailíniú na móimintí maighnéadacha adamhacha, agus nuair a mhéadaítear T, méadaítear an suaitheadh teirmeach, rud a chuireann an t-ailíniú ar míthreoir.