Diúracán balaistíoch idirilchríochach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Diúracán an-mhór fadraonach atá armtha le buamaí núicléacha is ea diúracán balaistíoch idirilchríochach (DBII) (Béarla: Intercontinental Ballistic MissileICBM). Shaothraigh na Stáit Aontaithe is an tAontas Sóivéadach ó dheireadh na 1950idí iad. Lonnaithe i sadhlanna ar fud fairsinge ollmhór tíre, is féidir na buamaí éagsúla ó dhiúracán amháin a dhíriú ar spriocanna scoite ar leith go domhain istigh i dtír an namhad timpeall 30 nóiméad tar éis a lainseála.