Derry Girls

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de sèrie de televisióDerry Girls
Séanradráma grinn suímh
Suíomh scéalaíochtaDoire
Socrú ceamarasocrú aoncheamara
CruthaitheoirLisa McGee
StiúrthóirMichael Lennox (en) Aistrigh
Aisteoirí
Cuideachta léiriúcháinHat Trick Productions (en) Aistrigh
TírTuaisceart Éireann
BunteangaBéarla
Bealach teilifíseChannel 4
An chéad eipeasóid4 Eanáir 2018
An eipeasóid dheireanach18 Bealtaine 2022
Líon séasúr3
Líon eipeasóidí19
Tuilleadh eolais
Suíomh oifigiúilchannel4.com… Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: tt7120662 Filmaffinity: 920710 Allocine: 21313 Rottentomatoes: tv/derry_girls
Twitter: derry_girls Cuir in eagar ar Wikidata

Sraith theilifíse a bhí á craoladh ar Channel 4 é Derry Girls,[1][2] dráma grinn suite i nDoire sna blianta 1994-1996 le linn na dTrioblóidí.[3] Bhí ardmholadh faighte ag Derry Girls as an léargas atá tugtha ag an gclár ar shaol na n-óg i dTuaisceart Éireann le linn na 1990idí.[4]

Lisa McGee a scríobh an tsraith
Nicola Coughlan
Jamie-Lee O’Donnell mar Michelle Mallon,
Dylan Llewellyn


Sraith[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an tsraith lonnaithe sna nóchaidí luatha agus dá bharr tá na Trioblóidí mar chúlra, agus go minic, mar théama sa chlár. Coiméide bharrúil na háiféise atá anseo, seachas aon rud eile.

Is iad Erin agus na cairde scoile Orla, Clare, Michelle agus James a thugann fócas agus gluaiseacht agus treoir don insint atá breac le tírdhreach polaitiúil Dhoire. Páistí scoile agus saighdiúirí óga ar patról ag casadh dá chéile amhail is dá mba é an rud ba nádúrtha ar domhan é.

Baineann an tsraith súp as na turais siar bóithrín na smaointe agus gach clár lán go gad de thagairtí do nósanna, cultúr coiteann agus dearcthaí na linne. É sin ar fad gan trácht ar an bhfuaimrian, chun na cosa a chur ag luascadh agus na cuimhní cinn a bhíogadh.[5]

Éiríonn leis an gclár truamhéala agus gruaim na tréimhse a chniotáil le baois agus soineantacht na hóige. Cinnte téann rudaí chun áiféise ar uairibh ach tá gach clár lán le carúil chaolchúiseacha agus leibhéal deisbhéalach.

Léiriú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thosaigh an tsraith ar Channel 4 ar an 4 Eanáir 2018. Ghnóthaigh an clár lucht féachana 2.4 milliún an chéad oíche. Bhíodar ag treochtáil ar fud an domhain, creid nó ná creid, ar Twitter. Ba  é Derry Girls an clár ba mhó ráchairt ar Channel 4 oíche a sheolta ó aimsir The Inbetweeners.[6]

Thosaigh an dara sraith ar an 5 Márta 2019 agus an tríú sraith ar an 12 Aibreán 2022, an tsraith dheireanach. Bhí tsraith ar fáil ar Netflix srl níos déanaí.

Ní gan dua a rinneadh an clár. Dúirt Bhí Christina Molloy, a bhí ag obair mar chúntóir sa rannóg deartha, “Bhí sé an-chrua [ag obair ar Derry Girls] mar gheall ar an ngeimhreadh agus mar gheall ar an obair uilig a bhí le déanamh againn. Ag deireadh an lae, bhí sé ag breathnú iontach ach bhí an jab é féin an-deacair. Bhí matáin tarraingthe i mo dhroim uaireanta, bhí an oiread sin oibre le déanamh. Bhí tú ag obair aon uair an chloig déag ó Luan go hAoine agus bhí cúpla Satharn agus cúpla Domhnach caite isteach freisin. Níl tada glamorous faoi!.”[4]

Ian McElhinney mar Granda Joe

Carachtair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Scríobh Lisa McGee an tsraith, – a dílseacht, a cluas agus an t-ionracas arb é cuspóir a healaíne é a thugann mealltacht agus fírinne agus creidiúnacht do na carachtair dheisbhéalacha ina gcuireann sí puth éadrom na beatha.[6] Bhuaigh McGee duais Bafta TV don ghreann scripte is fear le Derry Girls.[7]

Teach suimiúil é teaghlach Quinn, Doire Cholmcille, 1994. Tá Ma Mary ag deireadh na foighne, nach mór, le gach éinne timpeall uirthi – an déagóir iníne, Erin; an liúdramán d’fhear céile, Gerry; Aunt Sarah is a hiníon Orla a bhfuil bheith istigh acu léi, beirt atá pas beag ar shiúl leis na sióga, tá’s agat. Murar leor sin, mar bharr ar gach donas, cad is féidir a dhéanamh le Granda Joe, cráiteachán cantalach na slaiseanna nimhneacha síoraí sa chúinne.

Is iad na príomhcharachtair Erin Quinn, Michelle, Orla, Clare agus James.

  • Saoirse-Monica Jackson mar Erin Quinn - déagóir móiréiseach agus uaillmhianach. Is í Erin an ceann feadhna.
  • Nicola Coughlan mar Clare Devlin, dlúthchara Erin, lán le huafás. Tháinig sí amach mar dhuine aerach i Sraith a hAon.
  • Louisa Harland mar Orla McCool; is duine le Dia í
  • Jamie-Lee O'Donnell mar Michelle Mallon, duine fiáin agus tiarnúil.
  • Dylan Llewellyn mar James Maguire, duine atá thíos le cuid mhaith den leibhéal agus de na carúil.
  • Siobhán McSweeney mar Sister Michael, carachtar atá lán le soiniciúlacht is searbhas. Bhuaigh McSweeney duais Bafta.[8]
  • Tara Lynne O'Neill mar Ma Mary
  • Kathy Kiera Clarke mar Aunt Sarah
  • Tommy Tiernan mar Da Gerry
  • Ian McElhinney mar Granda Joe
  • Anthony Boyle mar David Donnelly
  • Leah O'Rourke mar Jenny Joyce
  • David Ireland mar Sean Devlin
  • Art Campion - an sagart

Gaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí TG4 agus an BBC ag iarraidh teacht ar scríbhneoir sna 2020idí a chumfadh Derry Girls na Gaeilge. Bhunaigh an Ciste Craoltóireachta Gaeilge, TG4 agus BBC Gaeilge scéim chun spreagadh a thabhairt do scríbhneoirí Gaeilge sraith drámaíochta éadrom chomhaimseartha a scríobh.[9]

Doire[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nochtadh múrphictiúr de chliar na sraithe ar bhalla i gcathair Dhoire.[10]

Eipeasóidí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sraith a hAon[cuir in eagar | athraigh foinse]

Uimh
in iomlán
Uimh
sa tsraith
Teideal Dáta craolta Lucht féachana RA
(milliún)
1 1 Eipeasóid 1 4 Eanáir, 2018 3.28[11]
2 2 Eipeasóid 2 11 Eanáir, 2018 3.02[11]
3 3 Eipeasóid 3 18 Eanáir, 2018 2.78[11]
4 4 Eipeasóid 4 25 Eanáir, 2018 2.55
5 5 Eipeasóid 5 1 Feabhra, 2018 2.63
6 6 Eipeasóid 6 8 Feabhra, 2018 2.76

Sraith a Dó[cuir in eagar | athraigh foinse]

Uimh
in iomlán
Uimh
sa tsraith
Teideal Dáta craolta Lucht féachana RA
(milliún)
7 1 "Across the Barricade" 5 Márta 2019 3.68
8 2 "Ms De Brún and the Child of Prague" 12 Márta 2019 3.35
9 3 "The Concert" 19 Márta 2019 3.05
10 4 "The Curse" 26 Márta 2019 3.08
11 5 "The Prom" 2 Aibreán 2019 2.88
12 6 "The President" 9 Aibreán 2019 2.57

Sraith a Trí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Uimh
in iomlán
Uimh
sa tsraith
Teideal Dáta craolta Lucht féachana RA
(milliún)
13 1 "The Night Before" 12 Aibreán 2022 3.60
14 2 "The Affair" 19 Aibreán 2022 3.08
15 3 "Stranger on a Train" 26 Aibreán 2022 3.05
16 4 "The Haunting" 3 Bealtaine 2022 3.16
17 5 "The Reunion" 10 Bealtaine 2022 2.84
18 6 "Halloween" 17 Bealtaine 2022 3.29
19 7 "The Agreement" 18 Bealtaine 2022 3.14

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Tá i bhfad níos mó ná maoithneachas ag baint le ‘Derry Girls’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-05-31.
  2. Seachtain na Gaeilge. "Foclóir as Gaeilge ar Twitter" (ga). Twitter. Dáta rochtana: 2022-06-28.
  3. "Derry Girls could become TV hit - if viewers can understand them" (en-GB). belfasttelegraph. Dáta rochtana: 2022-06-28.
  4. 4.0 4.1 Pádraic Ó Ciardha (20 Bealtaine 2022). "Cumann peile Gaeltachta ‘curtha ar an mapa’ ag Derry Girls" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-04-12.
  5. mar shampla, ‘Dreams’ na Cranberries, ‘Jump Around’ House of Pain agus ‘Only a Woman’s Heart’ le Mary Black agus Eleanor McEvoy
  6. 6.0 6.1 Pat Butler (8 Feabhra 2018). "Beidh Éire fós ag Cáit Ní Dhuibhir! ‘Clasaic’ ar an toirt é ‘Derry Girls’…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-04-12.
  7. "Craft Bafta ag scríbhneoir Derry Girls Lisa McGee" (en-GB) (2023-04-25). Dáta rochtana: 2024-04-12.
  8. Naman Ramachandran,Manori Ravindran, Naman Ramachandran, Manori Ravindran (2023-05-15). "BBC Cut ‘Derry Girls’ Star Siobhan McSweeney’s Political Statement From BAFTA Speech Due to ‘Time Constraints’" (en-US). Variety. Dáta rochtana: 2024-04-12.
  9. "TG4 agus an BBC ag lorg scríbhneoirí do ‘Derry Girls’ na Gaeilge" (ga-IE). Tuairisc.ie (2020-06-02). Dáta rochtana: 2024-04-12.
  10. Breandán M Mac Gearailt (20 Márta 2019). "Tá i bhfad níos mó ná maoithneachas ag baint le ‘Derry Girls’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-04-12.
  11. 11.0 11.1 11.2 "Weekly top 30 programmes on TV sets (July 1998 – Sept 2018) | BARB" (en-GB). Dáta rochtana: 2022-06-28.