Deitéarmanant

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Sa mhatamaitic, is éard atá i ndeitéarmanant ná uimhir a fhaightear ó eilimintí maitríse cearnaí. Mar shampla i maitrís 2 × 2

\begin{bmatrix}a & b \\c & d \end{bmatrix}

sainmhínítear an deitéarmanant mar ad-bc. Má comharthaíonn A an mhaitrís, comharthaíonn det A nó |A| deitéarmanant A. I gcás maitrís 3 × 3

\begin{bmatrix}a & b & c\\d & e & f\\g & h & i \end{bmatrix}

is é a dheitéarmanant ná: a(ei - hf) - b(di - gf) + c(dh - eg). Is féidir deitéarmanant mhaitrís n × n a scriobh i dtéarmaí mhaitrís (n-1) × (n-1). Díorthaíodh sainmhínithe eile freisin ar dheitéarmanant n × n.