Deirmitíteas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

An neamhord craicinn is coitianta a bhaineann le freagairt imdhíonach an chraicinn. Tugtar eachma air freisin. Is féidir go spreagfaidh greannaitheoir ceimiceach nó fisiciúil é (glantaigh nó strapa uaireadóra, mar shampla), bia, nó druga. Tagann iarmhairt dhúchasach i gceist freisin, agus bíonn stair an deirmitítis i gclanna uaireanta (chomh maith le neamhoird ailléirgeacha eile, cosúil le fiabhras léana is plúchadh). Is í an bhunfhreagairt ná méadú san imshruthú fola sa chraiceann áitiúil, rud a dheargann an craiceann ansin. Ina dhiaidh sin fásann coilg, agus nuair a bhriseann siad seo éiríonn an craiceann silteach. Nuair a dheisíonn an craiceann, fásann ceiritin breise is tiubhaíonn cisil sheachtracha an chraicinn, agus is féidir go n-éireoidh sé sin ainsealach.