Dana
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is amhránaí, ceoltóir agus polaiteoir Éireannach í Dana nó Dana Rosemary Scallon. (Rugadh í faoin ainm Rosemary Brown ar 30 Meitheamh 1951). Bhuaigh sí comórtas na hEoraifíse sa bhliain 1970 leis an amhrán All Kinds of Everything. Bheartaigh sí rith mar iarrthóir neamhspleách i dtoghchán uachtaránachta na hÉireann sa bhliain 2011.