Dópáil

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Sa cheimic, suimiú oiread rialaithe eisíontais chun airíonna ábhair a athrú as cuimse. Mar shampla, nuair a chuirtear méid bídeach alúmanain nó fosfair le sileacan, cuireann sé sin go mór le hairíonna leathsheoltacha sileacain, rud atá bunúsach do leictreonaic uile na leathsheoltóirí.