Débhéascna

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Coincheap sochtheangeolaíoch is ea í an débhéascna. Ciallaíonn sí go bhfuil an tsochaí iomlán dátheangach, i gcruth is go n-úsáidtear teanga amháin i réimsí áirithe den tsaol agus den chultúr, agus teanga eile sna réimsí eile. Débhéascna atá i gceist freisin má tá an teanga scríofa chomh difriúil leis an teanga labhartha agus nach féidir í a úsáid go nádúrtha sa ghnáthchumarsáid.

Níl débhéascna i gceist leis an ngnáthdhifríocht idir an teanga scríofa agus an teanga labhartha, nó idir teanga na huasalaicme agus teanga na hísealaicme. Faoi imthoscaí na débhéascna, ní rithfeadh sé leis na huaisle féin an teanga scríofa, nó an "leagan ard", a úsáid le scéal magaidh a insint dá gcairde, ó bheadh sé mínádúrtha ar fad.

Samplaí den débhéascna:

  • Is í an Araibis an sampla clasaiceach. Úsáidtear caighdeán an Chórain le haghaidh gach sórt saothar liteartha. San am céanna, labhraíonn na daoine léannta féin canúintí atá an-difriúil leis an gcaighdeán, ós rud é go bhfuil sé bunaithe ar an gcineál Araibise a d'úsáideadh na filí nuair a bhí Muhamad beo.
  • Sa Rúis, roimh lá Pheadair Mhóir, bhí an tSean-Slaivis Eaglasta á húsáid mar theanga liteartha, agus canúintí Rúisise á labhairt ag na daoine. Cé go bhfuil an tSean-Slaivis Eaglasta gaolmhar leis an Rúisis, ní "Sean-Rúisis" d'aon chineál atá ann, ach Sean-Bhulgáiris. Inniu féin, tá lorg na débhéascna le haithint ar an Rúisis.
  • I bParagua, is í an Spáinnis an teanga scríofa. Labhraíonn formhór mór na ndaoine an teanga bhundúchasach Guaraní, nó leagan di atá go mór faoi thionchar na Spáinnise.
  • Deirtear gurb í an Phortaingéilis teanga na Brasaíle. Is é an tuairim atá ag teangeolaithe áirithe Brasaíleacha, áfach, go bhfuil gnáthurlabhra na sráide chomh difriúil leis an leagan scríofa den Phortaingéilis nach í an teanga chéanna í, agus, mar sin, gur chóir a rá go bhfuil an débhéascna i bhfeidhm sa Bhrasaíl.