Dátú potaisiam/argóin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Modh radaiméadrach chun carraigeacha níos mó ná 100,000 bliain d'aois a dhátú. Bunaithe ar an bhfíoras go meathann an t-iseatóp potaisiam-40 go dtí argón-40 le leathré atá ar eolas, má thomhaistear an méid den dá iseatóp seo sa charraig is féidir aois na carraige a ríomh. Bhí an tomhas seo an-áisiúil chun aois iontaisí is cnámh daonna luath a fuarthas sa Scoiltghleann Mór in oirthear na hAfraice (in Olduvai, Laetoli, Hadar is Koobi Fora) a dhéanamh amach.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Dátú potaisiam/argóin". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 200.