Cuntas comhfhreagrach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Go hidirnáisiúnta, déanann líon mór banc cuntas comhfhreagrach a choinneáil i mbanc comhfhreagrach i ngach tír mór le rá, chun a bheith in ann íocaíochtaí a dhéanamh sna mórairgeadraí go léir. Glacann na bainc taiscí ó bhainc i dtíortha eile agus soláthraíonn siad seirbhísí thar cheann na mbanc eile.[1]

Bunaítear ar bhonn cómhalartach go hiondúil na cuntais; bíonn cuntas san airgeadra áitiúil ag an dá bhanc le chéile.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. ""banc comhfhreagrach"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2021-04-30.