Creimire

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ord mamach atá scaipthe ar fud an Domhain. Éiríonn go maith leis i mbeagnach gach saghas timpeallachta. Itheann sé raon leathan bianna. Fásann na clárfhiacla siséalchruthacha, iochtarach is uachtarach, i rith a shaoil ar fad, agus coinnítear gairid iad trí chreimeadh. Tá fo-oird ann, cosúil le lucha, ceann eile cosúil le torcáin chraobhacha nó cabhaíthe, agus ceann eile fós atá cosúil le hioraí rua.