Creathafón

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Creathafón

Gléas ceoil, cosúil le xileafón ach le barraí iarainn is athshonadóirí feistithe le heití a oibrítear le leictreachas. Osclaíonn is dúnann siad seo go tapa, ag déanamh iarmhairt creatháin, agus is féidir an iarmhairt seo a lascadh as más mian. Seinntear é le slata boga de ghnáth, le beagnach céad bliain anois i snagcheol, ceol damhsa is ceol foirne.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Creathafón". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 179.