Crannlann John F. Kennedy

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Crannlann John F. Kennedy
Íomhá
Ainmnithe in ómósJohn F. Kennedy
Sonraí
CineálCrannlann agus páirc
Foirgníocht1968 Cuir in eagar ar Wikidata
Tréith
Achar dromchla252 ha
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinBaile Sop, Éire
Map
 52°19′04″N 6°55′59″W / 52.317688°N 6.932974°W / 52.317688; -6.932974

Bailiúchán plandaí de sheasamh idirnáisiúnta is ea Crannlann John F. Kennedy, atá suite i gContae Loch Garman, Poblacht na hÉireann. Ba i gcuimhne ar John Fitzgerald Kennedy, Uachtarán na Stát Aontaithe ó 1960 go 1963, ar rugadh a shin-sheanathair, Patrick, i mBaile Uí Dhonnagáin in aice láimhe, a tionscnaíodh an chrannlann seo in aice le Ros Mhic Triúin, Contae Loch Garman.

Tá achar 252 heicteár (623 acra) ann ar shleasa theas agus ar bharr Shliabh Coillte. Tá 4,500 cineál crann agus tor as gach aeráid measartha ar domhan sa bhailiúchán, curtha in ord luibheolaíoch. Tá 200 lota foraoise ann i ngrúpaí de réir mór-roinne dúchais. Tá bóthar suas go dtí an mullach ar 271m óna bhfuil radharcanna lánléargais.

D’fhéadfadh sé gurb é an loch an chuid is gleoite den chrannlann, agus is tearmann é d’éanlaith uisce. Tá radhairc iontacha lánléargais ó mhullach an chnoic, 271 méadar os cionn leibhéal na farraige. Tá taispeántais shuimiúla maidir le JFK agus leis an gCrannlann féin san ionad cuairteoirí.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]