Cró Nimhe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachCró Nimhe
Íomhá
CineálGleann Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i limistéar cosantaLoch Ghleann Bheatha Cuir in eagar ar Wikidata
Logainm.ie111318 Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Limistéar riaracháinÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 55°00′N 8°06′W / 55°N 8.1°W / 55; -8.1
SliabhraonSléibhte Dhoire Bheatha Cuir in eagar ar Wikidata

Is gleann é Cró Nimhe[1] (a dtugtaí An Gleann Neamhaí air roimhe sin) [2] atá suite gar do Dhún Lúiche sna Sléibhte Dhoire Bheatha,[3]  Gaoth DobhairContae Dhún na nGall.

Cur síos imlíneach ar an cheantair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is gleann oighreach domhain, 3 km ar fad i Sléibhte Dhoire Bheatha é Cró Nimhe, agus is ceann de na gleannta oighreach is suntasaí sa tír é. Cuimsíonn méid an láithreáin roinnt gleannta crochta (.i. An Bealach Gaoithe) feadh gach taobh den ghleann, a chruthaigh oighearshruthanna friothálacha, a bhí ag sreabhadh isteach go dtí an príomhghleann, le linn na hOighearaoise deireanaí.[4]

Córas Geolaíochta / Aois agus Cineál Carraige Príomha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Clúdaíonn an gleann limistéar mór atá faoi bhun Phríomh-Eibhear Dhún na nGall, an ceann is mó de na plútóin eibhir atá comhdhéanta den bhatailit eibhir de chuid na Caladóine, c. 400 milliún bliain ó shin. An gleann féin agus na gnéithe oighreach laistigh de tagann sé ón Oighearaois dheiridh.[5]

Na príomhphointí spéise Geolaíochta nó Geomoirfeolaíocha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is sampla iontach é an Gleann Nimheach de u-ghleann oighrithe, le taobhanna aillte rógéaraithe os a chionn agus urlár  réleathan. Tá an Gleann Nimhe díreach, géarleataobhach agus creagach, díreach os cionn 3 chiliméadar ar fhad, 700m ar leithead agus suas le 400m domhain.[6]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]