Coverage (amhrán)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de cançóCoverage
Cineálsaothar ceoil
TírÉire

Is amhrán hip hap é Coverage a eisíodh ar an 10 Aibreán 2020. Scríobh agus léirigh an rapálaí Éireannach SVG F1 an t-amhrán agus ba é a chéad singil é. Scaoileadh an t-amhrán ar Spotify agus ar YouTube faoi Discokid Records.

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuir SVG F1, fíorainm Finn Munnelly, píosaí beaga de phróiseas taifeadta an amhráin ar Instagram, lena n-áirítear obair sa stiúideo le linn na tréimhse sular eisíodh an t-amhrán.

Taifeadadh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Taifeadadh an t-amhrán ag stiúideonna Junglebeam, Baile Átha Cliath go luath in 2020.

Liriceach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Pléann liricí an amhráin le saincheisteanna cosúil leis an gciníochas, chomh maith leis an mbealach chun rath. Déanann sé tagairt freisin don ghrúpa rap / léiriúcháin, SVG Productions, a bhfuil SVG F1 ina bhall de.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]