Compton Mackenzie

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Compton Mackenzie
Uaigh Compton Mackenzie in Eolaigearraidh, Barraigh

Ba údar é Edward Montague Compton MacCoinnich/MacKenzie (17 Eanáir 1883 i West Hartlepool30 Samhain 1972 i nDún Éideann). Bhí sé ina náisiúnaí Albanach freisin, cé gur rugadh i Sasana é.

Cuireadh léann roimhe i St Paul's School agus tar éis sin in Ollscoil Oxford. Idir 1920 is 1923 bhí Mackenzie ina "Tenant" sna hoileáin Herm agus Jethou.

D'fhoilsigh sé beagnach céad leabhar, dírbheathaisnéis i ndeich imleabhar san áireamh, ach bhain sé an clú is mó as a chuid úrscéalta, go háirithe Whiskey Galore.

Bhí suim mhór aige i gcultúr na Gàidhlig, an teanga féin (d'úsáid sé an Ghàidhlig i Whiskey Galore) agus an Seacaibíteachas. I 1914 d'iompaigh sé leis an gCaitliceachas, agus bhí sé ina chomhbhunaitheoir Phàrtaidh Nàiseanta na h-Alba. Cuireadh i mBarraigh é, áit ar thóg sé teach sna 1930idí.

Leabharliosta[athraigh | edit source]

Seo cuid de na leabhair is cáiliúla aige:

  • The Gentleman in Grey (1907)
  • The Passionate Elopement (1911)
  • Carnival (1912)
  • Sinister Street (1914)
  • Guy and Pauline (1915)
  • The Early Life and Adventures of Sylvia Scarlett‎ (1918), scannán i 1935 faoin ainm Sylvia Scarlett
  • The Altar Steps (1922)
  • Santa Claus in Summer (1924)
  • The Old Men Of the Sea (1924)
  • Vestal Fire (1927)
  • Extraordinary Women (1928)
  • Gallipoli Memories (1929)
  • Athenian Memories (1931)
  • Greek Memories (1932)
  • The Monarch of the Glen (1941)
  • Wind of Freedom: The history of the invasion of Greece by the Axis powers, 1940-1941 (1944)
  • The Four Winds of Love (6 leabhar, 1937–45)
  • Whisky Galore (1947), scannán 1947 faoin ainm Whisky Galore!
  • The Rival Monster (1952)
  • Rockets Galore (1957)
  • Thin Ice (1956)
  • The Lunatic Republic (1959)
  • The Stolen Soprano (1965)
  • My Life and Times (1971)

Nasc seachtrach[athraigh | edit source]