Compás

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Compás

Is éard is compáscompás mairnéalaigh ann ná gléas a úsáidtear leis na ceithre hairde a aithint thar a chéile agus leis an treoir cheart a aimsiú. Tá snáthaid mhaighnéadach ann agus í á casadh de réir mar a luíonn línte an réimse mhaighnéadaigh timpeall an Domhain. Taobh thiar den tsnáthaid, tá aghaidh an chompáis, agus airde an chompáis péinteáilte nó priontáilte uirthi i bhfoirm a chuirfeadh bláth i gcuimhne duit, agus a dtugtar rós an chompáis uirthi. Nuair a luíonn leath thuaidh na snáthaide le tuaisceart an róis, is féidir na hairde eile a aithint ar an rós.

Airde an Chompáis as Gaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is iad an tuaisceart, an deisceart, an t-iarthar agus an t-oirthear príomhairde an chompáis, ach aithnítear airde eile eatarthu. Is iad airde an chompáis as Gaeilge ná:

Airde an Chompáis
  • ó thuaidh
  • ó thuaidh lámh soir
  • ó thuaidh soir ó thuaidh
  • soir ó thuaidh lámh ó thuaidh
  • soir ó thuaidh
  • soir ó thuaidh lámh soir
  • soir soir ó thuaidh
  • soir lámh ó thuaidh
  • soir
  • soir lámh ó dheas
  • soir soir ó dheas
  • soir ó dheas lámh soir
  • soir ó dheas
  • soir ó dheas lámh ó dheas
  • ó dheas soir ó dheas
  • ó dheas lámh soir
  • ó dheas
  • ó dheas lámh siar
  • ó dheas siar ó dheas
  • siar ó dheas lámh ó dheas
  • siar ó dheas
  • siar ó dheas lámh siar
  • siar siar ó dheas
  • siar lámh ó dheas
  • siar
  • siar lámh ó thuaidh
  • siar siar ó thuaidh
  • siar ó thuaidh lámh siar
  • siar ó thuaidh
  • siar ó thuaidh lámh ó thuaidh
  • ó thuaidh siar ó thuaidh
  • ó thuaidh lámh siar
  • ó thuaidh.

In áiteanna, go háirithe i nGaeilge na Mumhan, is féidir "pointe" a chloisteáil in áit "lámh". Seasann an dá fhocal seo do by an Bhéarla (siar ó thuaidh lámh thiar = nortwest by west).

Na hairde a thugtar thuas, tugtar san fhoirm iad a bheadh á húsáid ar bhord an bháid atá ag dul i dtreo áirithe. An breathnóir a d'fheicfeadh an bád chuige ó threo áirithe, bheadh córas eile in úsáid aige as Gaeilge. An bád atá ag seoladh ó thuaidh - i dtreo an tuaiscirt - is féidir linn a rá freisin go bhfuil sí ag seoladh aneas - ó threo an deiscirt. Cosúil leis sin, deirtear go bhfuil an bád atá ag teacht ó threo an iarthair, go bhfuil sí ag teacht aniar, an bád atá ag teacht ó threo an oirthir go bhfuil sí ag teacht anoir, agus an bád atá ag teacht ó threo an tuaiscirt go bhfuil sí ag teacht aduaidh.