Compántas na gCaitliceach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard a bhí i gceist le Compántas na gCaitliceach (Cumann na gCaitliceach uaireanta ) (Béarla: The Catholic Association) ná an eagraíocht pholaitiúil a bhunaigh Dónall Ó Conaill sa chéad leath den naoú haois déag le feachtas a chur ar son Fhuascailt na gCaitliceach i Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann. Bhí an Compántas ar cheann de na slua-eagraíochtaí polaitiúla is luaithe a tháinig ar an bhfód san Eoraip.

Bunú an Chompántais[athraigh | edit source]

Ba é Dónall Ó Conaill a chur an Compántas ar bun sa bhliain 1823. Ní raibh ann ar dtús ach ceann eile d'eagraíochtaí den chineál céanna a bhí á mbunú le deich mbliana anuas. Níor bhláthaigh aon cheann de na cinn a bhí ann roimh an gCompántas.