Comórtas Náisiúnta Treabhdóireachta
Cineál | ócáid |
---|---|
Bailíocht | 1931 - |
Tréimhse | 1931 - |
Tír | Éire |
Suíomh gréasáin | npa.ie |
Dírítear sa gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta (CNT)[1][2] ar threabhdóireacht, ar chúrsaí feirmeoireachta, ar ghnó talmhaíochta, ar an saol tuaithe, ar bhia agus ar chúrsaí faisin. Tá an CNT ar cheann de na himeachtaí faoin aer is mó san Eoraip. Reáchtáltar an táispeántas i mí Meán Fómhair, ar cheann na himeachtaí is tábhachtaí san fhéilire náisiúnta.[3]
In 2022, bhí an seó ar siúil i Ráithín an Uisce[4] i gContae Laoise. (Cuireadh an ócáid ar ceal i 2020 agus 2021 de bharr na paindéime Covid). Bhí 1,700 seastán trádála curtha in airde ar an suíomh 900 acra. Rith an cosán treabhdóireachta 37 ciliméadar ar fad. D'fhreastail timpeall 300,000 duine ar an ócáid.[5]
Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ National Ploughing Championships
- ↑ Bloc TG4 (2019). "BLO| Comórtas Náisiúnta Treabhdóireacht 2019" (as ga-IE).
- ↑ "An Céachta agus an Cultúr: Fógraíonn an tAire Humphreys mionfhéile ealaíon ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta" (ga). merrionstreet.ie. Dáta rochtana: 2022-09-20.
- ↑ "Ráithín an Uisce/Raheenanisky" (ga). logainm.ie. Dáta rochtana: 2022-09-20.
- ↑ Nuacht RTÉ (2022-09-20). "An Comórtas Treabhdóireachta Náísiúnta ar siúl arís!" (as ga-IE).
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |