Colette Nic Aodha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaColette Nic Aodha
Beathaisnéis
Breith1967
56/57 bliana d'aois
Sruthair, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil na Gaillimhe Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmfile, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

Twitter: bard_nic Cuir in eagar ar Wikidata

Scríbhneoir Éireannach is ea Colette Nic Aodha. Tá clú agus cáil bainte amach aici as a as a stíl "géar agus amannta, greannmhar".[1]

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

I Sruthar, Contae Mhaigh Eo, a rugadh agus tógadh Colette Nic Aodha. D'fhreastail sí ar Choláiste na hOllscoile i gcathair na Gaillimhe agus bhain céim sa Ghaeilge agus sa Stair amach. Rinne sí an tArdteastas san Oideachas agus fuair post mar mhúinteoir meánscoile i gColáiste na Toirbhirte in Áth Cinn, Contae na Gaillimhe, an mheánscoil ar fhreastail sí féin uirthi. Tá sí i mbun mistreachta sa Nua-Ghaeilge faoi láthair in ollscoil chathair na Gaillimhe faoi láthair. Tá sí féin agus a triúr mac ina gcónaí i nGaillimh.

Scríbhneoireacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá dánta lé Nic Aodha i nduanairí Field Day, IV agus V agus in The white page / An bhileog bhán: twentieth century Irish women poets (Salmon, 1999) curtha in eagar ag Joan McBreen. Ghnóthaigh sí duais i bhFéile Filíochta Dhún Laoghaire sa bhliain 1993. Foilsíodh gearrscéalta dá cuid sna hirisí Comhar agus Feasta agus sa nuachtán Lá.

Scríobhann sí i mBéarla freisin agus foilseofar cnuasach nua Béarla, The Peeling of the Skin (Arlen House), i mbliana.

Saothair[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Oíche Nollag na mBan sa bhFásach (Coiscéim 2014)
  • In castlewood : an ghaoth aduaidh (Syracuse University Press 2012)
  • Áilíos (Coiscéím 2010)
  • Raiftearaí i gceartlár a dhaoine san aonú haois is fiche (Coiscéim, 2009)
  • Ainteafan (Coiscéim, 2008)
  • Bainne Gear : Sour Milk (The Home Place, 2006)
  • Between Curse/Bainne Géar (Arlen House, 2006)
  • Sundial (Arlen House, 2005)
  • Ádh Mór (Coiscéim, 2004)
  • Gallúnach-ar-Rópa (Coiscéim, 2003)
  • Faoi Chrann Cnó Capaill (Coiscéim, 2000)
  • Baill Seirce (Coiscéim, 1998)

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2008-10-11. Dáta rochtana: 2009-09-10.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]