Kolji Glasneth

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Coláiste Glasneth)
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Kolji Glasneth
Íomhá
Sonraí
CineálColáiste
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinPenryn, England
Map
 50°09′59″N 5°06′06″W / 50.16645°N 5.101541°W / 50.16645; -5.101541
Foirgneamh liostaithe Ghrád II
Am18 Iúil 1994
Aitheantóir1007260
Séadchomhartha sceidealaithe

Bhunaigh an tEaspag Bronescombe Kolji Glasneth (Gaeilge: Coláiste Glasneth) sa bhliain 1265 ag Pennrynn, Corn na Breataine, agus bhí sé ina lárionad cumhachta eaglasta i gCorn na Meánaoise agus is dócha gurb é an ceann is fearr aithne agus is tábhachtaí d'institiúidí creidimh Chorn na Breataine.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Leac chuimhneacháin d'Éirí Amach an Leabhair Urnaí, gar do shuíomh an choláiste roimh a scriosadh ag Anraí VIII.

Bhí an suíomh ag Glasneth ag ceann góilín bhig. Bhí cuid mhaith den fhoirgneamh múnlaithe ar Ardeaglais Exeter, agus mar chosaint thóg an tEaspag Bronescombe trí thúr, rud a chruthaigh bloc amháin a d'fheidhmigh mar chosaint don choláiste agus do bhaile Pennrynn.

Tar éis a bhunaithe sa bhliain 1265, le linn na meánaoise ina dhiaidh sin, ba é Glasneth an institiúid chléireachais ba mhó i gCorn na Breataine, chomh mór is a bhí aon cheann de na mainistreacha ársa, agus le hioncam coibhéiseach, díorthaithe go príomha ó dheachúna reachtaire Roseglos, Kolan, Lannfyek, Ke, Manahan, Lannvorek, Lannwythek, Eglosalan, Eglosenoder, Pluwluwyek, Sant Cernyweg, Lannust, Merthersydhni, agus Senara.

Ní raibh manaigh ar bith ag an gcoláiste seo ná ag an eaglais choláisteach seo, ach bhí bunaíocht de phropast amháin agus de 12 canónach saolta aige agus bhí pátrúnacht sé pharóiste déag aige. Ba é William Bodrugan an chéad Phropast oifigiúil ar Ghlasneth, ó 17 Aibreán 1283 go 1288, sula ndearnadh Ard-Deagánach Chorn na Breataine de.

Léiríodh drámaí míorúilteacha anseo agus in áiteanna eile i gCorn na Breataine sa Choirnis. Ní mhaireann ach cúpla dráma de chuid na Coirnise sa lá atá inniu ann, ach i measc na ndrámaí sin tá roinnt a cumadh ag Ghlasneth, na hOrdinalia: Cruthú an Domhain, Paisean ár dTiarna, Aiséirí ár dTiarna; agus Beunans Meriasek, Beatha Naomh Meriasek, éarlamh Kammbronn.

Scriosadh Ghlasneth[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thug díscaoileadh Rí Anraí VIII ar na mainistreacha, idir 1536 agus 1545, le fios go raibh deireadh le na prióireachtaí móra Cornacha, ach mar shéipéal cantaireachta mhair Glasneth go dtí 1548, nuair a d'fhulaing sé an chinniúint chéanna. Chuir smidiríní agus loit na gcoláistí Cornacha ag Glasneth agus Lanngorrow deireadh leis an scoláireacht fhoirmiúil a chuidigh le cothú na teanga Coirnise agus na féiniúlachta Cornaí, agus bhí páirt shuntasach aici aighneas a chothú i gcoinne 'leasuithe' cultúrtha as ar eascair Éirí Amach an Leabhair Urnaithigh (nó Éirí Amach an Iarthair) sa bhliain 1549. Baineadh úsáid as an eibhear a tógadh ón gcoláiste chun dún Rí Anraí VIII a bhunú agus a thógáil ag Kastell Penndinas.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]