Clarence Birdseye

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Fear gnó is ceapadóir a rugadh i Nua-Eabhrac ab ea Clarence Birdseye (9 Nollaig 1886-8 Deireadh Fómhair 1956). Cáil air as próiseas a shaothrú chun bianna a reo i bpacáistí beaga atá oiriúnach le miondíol. Bhí sé ina uachtarán ar chomhlacht Birdseye Frozen Foods (1930-1934) is an Birdseye Electric Company (1935-1938). Deirtear go raibh timpeall 300 paitinn aige.