Claonchló

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Íomhá agus gnáthdhathanna uirthi (A) agus roinnt claonchlónna (B, C agus D)

Íomhá is ea claonchló ina bhfuil scála na dton bunoscionn i leith an bhunradhairc, an geal macasamhlaithe ina dhorcha agus an dorcha ina gheal. I gclaonchló daite macasamhlaítear gach dath sa bhunradharc ina dhath comhlántach. Nuair a nochtar scannán i gceamara bíonn íomhá claonchló air tar éis a phróiseála, agus déantar cló dearfach uaidh sin chun pictiúr an bhunradhairc a tháirgeadh.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Claonchló". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 142.