Cille Chuimein

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cille Chuimein

Is lonnaíocht í Cille Chuimein (Béarla: Fort Augustus) i gComhairle na Gáidhealtachd, Gaeltacht na hAlban, atá suite ar an taobh thiar theas de Loch Nis. Tá daonra de thart ar 646 (2001) sa sráidbhaile agus braitheann a heacnamaíocht go mór ar thurasóireacht.

Go dtí an lúth 18ú haois thugtaí Kiliwhimin ar an lonnaíocht sa Bhéarla. Athainmníodh é 'Fort Augustus' sa Bhéarla i ndiaidh Éirí Amach na Seacaibíteach nár éirigh leis, sa bhliain 1715. De réir na sanasaíochta, fuair an lonnaíocht a hainm ar dtús ó 'Naomh Cumméin' a bhí ina Ab ar Oileán Í agus a thóg séipéal ann sa 6ú haois.