Gaeltacht na hAlban
Is focal de chuid Ghaeilge na hAlban é Gàidhealtachd (kɛːəlˠ̪t̪əxk éist(cabhair, comhaid)), focal a bhfuil brí níos leithne leis ná brí an fhocail Gaeltacht. Is féidir an focal seo a úsáid do na Garbhchríocha agus Oileáin na hAlban, .i. áiteanna faoi thionchar an chultúir Ghaelaigh, nó mar téarma teangeolaíochta, .i. an réigiún ina labhraítear Gaeilge na hAlban. Tugtar Galldachd ar an gcuid eile den tír, .i. Galltacht Alban.
Lena chois sin tugtar A'Ghàidhealtachd nó Comhairle na Gàidhealtachd ar an gcomhairle áitiúil a bhfuil "Highland" air sa Bhéarla, cé nach gcuimsíonn an comhairle sin Na hOileáin Siar ná Earraghael, áiteanna ina labhraítear an teanga.
Stair [athraigh]
Go dtí cúpla céad bliain ó shin, bheadh an chuid is mó d'Albain taobh ó thuaidh den Linn Foirthe agus Gall-Ghaidhealaibh sa Ghàidhealtachd, ach amháin Na hOileáin Thuaidh. Tá logainmneacha de bhunadh Gaelach le fáil ar fud na tíre, mar shampla Dùn Dèagh, Inbhir Nis, Earra-Ghàidheal, Gall-Ghaidhealaibh agus Sruighlea. Tháinig Gaeilgeoirí tábhachtacha ó áiteanna a bhfuil ina gceantair Bhéarla inniu, mar shampla George Buchanan ó chontae Sruighlea, Roibeard Brús ó Ghall-Ghaidhealaibh agus Margaret McMurray ó chontae Inbhear Áir.
Gàidhealtachd Cheanada [athraigh]
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.