Cill Chrócháin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilCill Chrócháin

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 51°35′N 9°42′W / 51.58°N 9.7°W / 51.58; -9.7
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Mumhan
Contae in ÉirinnContae Chorcaí Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie1412790

Is sráidbhaile é Cill Chrócháin[1] (Béarla: Kilcrohane) i gContae Chorcaí, Éire. Is é an sráidbhaile deireanach é ar Rinn Mhuintir Bháire i ndiaidh Dhúrais agus Áth an Chiste. [2] Tá Cill Chrócháin suite faoi 'Scáth Shuí Finn' (an cnoc is airde sa cheantar) agus tá sí gar don Chathair, sliabh eile freisin]]. Tá an sráidbhaile suite os cionn Bhá Dhún Mánais .

Cróchán an duine[cuir in eagar | athraigh foinse]

Níl mórán ar eolas faoi Chróchán, ach amháin go ndeirtear go raibh sé ina chónaí timpeall aimsir Naomh Pádraig (lár an 5ú haois). Creideann daoine áirithe gur as Contae Chiarraí é, in aice le Cathair Dónall áit a bhfuil dhá eaglais scriosta ainmnithe ina dhiaidh agus sráidbhaile darb ainm Cill Chrócháin freisin.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Cill Chrócháin/Kilcrohane | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2024-03-14.
  2. "Sheeps Head Peninsula West Cork Tourism Information". www.cork-guide.ie/sheepshead/index.html