Chuck Feeney

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaChuck Feeney
Beathaisnéis
Breith(en) Charles Francis Feeney
23 Aibreán 1931
Elizabeth, New Jersey Cuir in eagar ar Wikidata
Bás9 Deireadh Fómhair 2023
92 bliana d'aois
San Francisco, California Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnEaglais Chaitliceach Rómhánach
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Cornell (–1956)
Cornell University School of Hotel Administration (en) Aistrigh
St. Mary of the Assumption High School (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreTráchtáil agus gnó
Gairmduine den lucht gnó, daonchara, ceannaí Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla
Gradam a fuarthas

Ba fhear gnó agus daonchara é Charles Francis Feeney, nó Chuck Feeney, (a rugadh ar 23 Aibreán 1931 i New Jersey agus a d'éag ar 9 Deireadh Fómhair 2023 i San Francisco).[1]

Fear de bhunadh na hÉireann a rugadh in New Jersey agus an Spealadh Mór i réim, rinne sé a chuid airgid as a chuid siopaí saor ó dhleacht, agus ansin bheartaigh sé a rachmas ar fad a bhronnadh ar charthanachtaí nó a chaitheamh ar infheistíocht phobail.[2]

Duty Free Shoppers

Gnó agus daonchairdeas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhunaigh Feeney Duty Free Shoppers (Siopadóirí Saor ó Dhleacht) agus d’éirigh leis $8 mbilliún a shábháil leis an gnó sin.[3]

Theastaigh uaidh a chuid airgid a thabhairt do scoileanna agus do charthanachtaí timpeall an domhain. Bhunaigh sé " The Atlantic Philanthropies" sa bhliain 1982

I mí Meán Fómhair 2020, chríochnaigh Feeney an obair sin. Thug sé $3.7 billiún d’ollscoileanna, agus thug sé $870 milliún do ghrúpaí éagsúla a bhaineann le cearta daonna, agus $1 bhilliún do thionscnaimh éagsúla in Éirinn. Dúirt Warren Buffet agus Bill Gates gur laoch é Chuck Feeney.[4]

Saol pearsanta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Feeney ina chónaí in árasán beag i San Francisco lena bhean chéile -sna 2020idí.[5] Ní raibh ach péire bróg amháin aige, agus ní raibh aon charr aige.

Ómós[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cailleadh Feeney ar 9 Deireadh Fómhair 2023 i San Francisco. Léirigh leithéidí Bill Gates agus Warren Buffet ómós do Chuck Feeney agus dúirt gur laoch ab ea é toisc an méid a rinne sé ar fud na cruinne ar mhaithe leis na cúiseanna is gaire dá chroí.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Chuck Feeney obituary: Philanthropist who lived more like a Benedictine monk than a billionaire" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2023-10-11.
  2. Eoin Ó Catháin (11 Deireadh Fómhair 2023). "Tá lagmhisneach ar an dream óg agus ní athróidh an Buiséad é sin" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-10-11.
  3. Uimhir 360, M.F. 2020. "Eleathanach | Maynooth University". www.maynoothuniversity.ie. Dáta rochtana: 2020-09-28.
  4. Bill Murphy Jr (2020-09-26). "Warren Buffett and Bill Gates Both Call This Man Their 'Hero' and a 'Role Model.' It All Goes Back to Where They Ate Dinner on May 5, 2009". Inc.com. Dáta rochtana: 2020-09-28.
  5. Jim Dwyer (2017-01-05). "‘James Bond of Philanthropy’ Gives Away the Last of His Fortune" (en-US). The New York Times. Dáta rochtana: 2020-09-28.