Christiaan Barnard

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Christaan Barnard, 1968

Máinlia cairdiach a rugadh i mBeaufort West san Afraic Theas ab ea Christiaan Neethling Barnard (8 Samhain 19222 Meán Fómhair 2001). In ospidéal Groote Schuur i 1967 rinne sé an chéad trasphlandú rathúil croí dhaonna. Fuair an t-othar Louis Washkansky bás 18 lá níos déanaí de bharr niúmóine dhúbailte, áfach. Le himeacht ama d'fheabhsaigh sé marthanas othar go mór le croíthe trasphlandaithe. Fuair sé bás sa bhliain 2001 sa Chipir den asma.