Chen Ning Yang

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Fisicí Meiriceánach a saolaíodh i Hofei na Síne is ea Chen Ning Yang (1922-). Roinn sé Duais Nobel sa bhfisic i 1957 le Tsung Dao Lee as a dtaighde ar na dlíthe paireachta agus conas iad a thástáil, fiú a bhréagnú. Deir na dlíthe seo go bhfuil frithcháithnín den saghas céanna le gach buncháithnín áit éigin sa Chruinne ach le hairí bunúsach scáthánach, lucht dearfach in ionad luchta dhiúltaigh: mar shampla, is é an posatrón an frithleictreon. Bréagnaíodh an phaireacht scáthánach i gcás béite-mheata.