Charles Thomson Rees Wilson

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Fisicí a rugadh i nGleann Croise na hAlban, ceannródaí sa bhfisic adamhach is núicléach ab ea Charles Thomson Rees Wilson (1869-1959). Shaothraigh sé an néalsoitheach, modh oibre chun rianta alfacháithníní is leictreon tar éis imoibrithe núicléacha a bhrath. Bhuaigh sé Duais Nobel sa bhfisic le Compton i 1927.