Ceratopogonidae

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoCeratopogonidae Cuir in eagar ar Wikidata

Culicoides sonorensis Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamArthropoda
AicmeInsecta
OrdDiptera
ForfhineChironomoidea
FineCeratopogonidae Cuir in eagar ar Wikidata
Newman, 1834

Cuileoga bídeacha a bheireann greim ar veirteabraigh agus a ólann an fhuil uathu is ea na Ceratopogonidae ar a dtugtar go coitianta míoltóga géara, a bhíonn de ghnáth 1–3 milliméadar ar fad. Áirítear san bhfine níos mó ná 5,000 speiceas,[1] dáilte ar fud an domhain, seachas an tAntartach agus an tArtach.

Tá Ceratopogonidae ina fheithidí hoilmheiteabólacha, rud a chiallaíonn go bhfuil ceithre chéim bheatha san áireamh ina bhforbairt: ubh, larbha, pupa, agus íomhách (nó an chéim a sroicheann an feithid aibíoch).[2] Na speicis is coitianta in aeráidí teo, tógfaidh siad thart ar dhá nó sé seachtaine chun saolré a chríochnú. Olann fireannaigh agus baineannaigh fásta neachtar. Ólann formhór na mbaineannach freisin fuil veirteabrach, lena n-áirítear daoine, chun próitéin a fháil le haghaidh ubh-bhreithe. Bíonn a gcuid greamanna pianmhar, agus d'fhéadfadh siad loit an-tochasach a chur ar bun.[3] Bíonn baill a gcuid béil dea-fhorbartha chun craiceann a óstach a ghearradh. Creachann roinnt speiceas feithidí eile.

Teastaíonn cion taise ó larbhaí chun forbairt a dhéanamh, ach freisin aer agus bia. Níl siad de réir na céille is beaichte go docht uisceach nó talmhaí amháin.

Ceaptar go bhfuil roinnt speiceas laistigh de na míoltóga creiche ar fheithidí beaga eile. Táthar tar éis imscrúdú a dhéanamh go háirithe ar larbhaí muiscítí mar chreiche choitianta do mhíoltóga sa ghéineas Bezzia. Mar shampla, rinneadh turgnaimh ar an speiceas Bezzia nobilis a thugann le tuiscint go bhfuil siad ag brath ar larbhaí muiscítí mar fhoinse creiche amháin. Is féidir leo a bheith ina seadáin haemaiteofagach a seadánaíonn inveirteabraigh freisin, ag brath ar cibé an raibh an diúl fola marfach.

Cosúil le súmairí fola eile, is féidir leis na speicis Culicoides a bheith ina veicteoirí de phataiginí gur cúis leo galair. I measc na ngalar a tharchuirtear tá na néimeatóidí seadánacha Mansonella, an galar gormtheanga, an tinneas Afracach eachaí, an galar fuilreatha eipeasótach, arbaivíris,[4] agus pataiginí ainmhithe neamhvíreasacha.[5]


Gníomhaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

In Éirinn, bíonn siad gníomhach ó lár mhí na Bealtaine go Meán Fómhair go háirithe nuair a bhíonn an aimsir shochair agus scamallach. Is mór an cur isteach iad do dhaoine atá ag iniúchadh na gcnoc agus do na hainmhithe a chónaíonn ann.

Níl aon tarchur galair ar eolas ó mhíoltóg go daoine in Éirinn. Spreagfaidh siad imoibriú láidir imdhíonachta i roinnt daoine, áfach. D’fhéadfadh sé seo a bheith ina chúis le hat agus drochthochas timpeall láithreán an ghreama. Cuireann déine agus cruas an phrioctha le míchompord daoine. D’fhéadfadh cneácha ionfhabhtaithe a bheith mar thoradh ar thocas na ngreamanna.

Is gnách go mbíonn an míoltóga ag iomadú timpeall ar uisce marbhánta agus linnte portaigh agus mar sin is gné den saol iad sna cnoic. Is féidir leo a bheith ina lotnaidí sna gleannta a leithéid agus Gleann Dá Loch. Bíonn míoltóga an-ghníomhach ar laethanta socra, scamallacha agus taise. Ní maith leo solas láidir na gréine, aer tirim nó gaoth. Is gnách go mbíonn siad an-ghníomhach ag breacadh an lae agus ag luí na gréine ach is féidir leo a bheith forleithne ag amanna eile i rith an lae má tá na dálaí mar is ceart.

Cosaint[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá éarthaigh ar fáil in ollmhargaí agus poitigéirí, rud a chabhraíonn le stop a chur leo. Beidh comhpháirt cheimiceach sa chuid is mó díobh seo ar a dtugtar “DEET”. Bíonn úsc i roinnt luibheanna, mar shampla raideog agus citronella, a bhíonn éarthach ar fheithidí. Is féidir na míoltóga a choinneáil amach freisin trí líontán a úsáid atá deartha le haghaidh na míoltóg - níl líonta na muiscítí maith go leor.

Is iad na míoltóga is spéisiúla ná an géineas Culicoides. Tá 29 speiceas in Éirinn, lena n-áirítear sé mhíoltóg ghéar. Is é an plaiceoir is suntasaí ná Cuculiodes impunctatus. Is í an mhíoltóg bhaineann amháin a ghreimíonn an duine le próitéine a fháil, rud a chabhróidh lena n-uibheacha a fhorbairt. Cé go bhfuil an chuid is mó de na speicis éadulangach san áit ina mbíonn an ghrian ag soilsiú go díreach orthu, tá ceann amháin ann Culicoides heliophilus a thiocfaidh chun cinn ar laethanta grianmhara.

Gailearaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Medical Insects and Arachnids" (1993): 288–309. Springer. doi:10.1007/978-94-011-1554-4_7. 
  2. "Molecular analysis of the biting midges (Diptera: Ceratopogonidae), based on mitochondrial cytochrome oxidase subunit 2" (as en) (2003-04-01). Molecular Phylogenetics and Evolution 27 (1): 21–35. doi:10.1016/S1055-7903(02)00395-0. ISSN 1055-7903. PMID 12679068. 
  3. "common name: biting midges, no-see-ums, scientific name: Culicoides spp. (Insecta: Diptera: Ceratopogonidae)".
  4. "Culicoides biting midges, arboviruses and public health in Europe" (2013). Antiviral Research 100 (1): 102–113. doi:10.1016/j.antiviral.2013.07.020. ISSN 0166-3542. PMID 23933421. 
  5. "Biting midges (Diptera: Ceratopogonidae) as vectors of nonviral animal pathogens" (1985). Journal of Medical Entomology 22 (6): 589–599. doi:10.1093/jmedent/22.6.589. ISSN 0022-2585. PMID 3908679.