Ceist na Teangan (Dán)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Sa dán seo, déanann an file Nuala Ní Dhomhnaill cuir síos ar an Ghaeilge i bhfoirm an meafar 'bádidín leochaileach sobhriste' agus ina ndeir sí go bhfuil a cuid dánta chomh leochaileach céanna.

Téacs[cuir in eagar | athraigh foinse]

Siad na focla ná:

Ceist na Teangan
Cuirim mo dhóchas ar snámh
i mbáidín teangan
faoi mar a leagfá naíonán
i gcliabhán
a bheadh fite fuaite
de dhuilleoga feileastraim
is bitiúman agus pic
bheith cuimilte lena thóin


ansan é a leagadh síos
i measc na ngiolcach
is coigeal na mban sí
le taobh na habhann,
féachaint n’fheadaraís
cá dtabharfaidh an sruth é,
féachaint, dála Mhaoise,
an bhfóirfidh iníon Fharoinn?