Ceamara imrothlach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ceamara a tháirgeann pictiúr atá caol fada, is é sin le cóimheas amhairc (fad/ leithead) an-mhór, cosúil le scannán leathanscáileáin. Sa ghnáthcheamara bíonn geata an scannáin ar an gcóimheas céanna leis an bpictiúr, agus é inroghnaithe le masc inghluaiste nó tríd an gcúl scannáin a athrú. I gceamara inrothlach bíonn leagan amach dílis rothlaithe de lionsa rothlaithe agus scoiltchomhla in ann uillinn chothrománach suas le 120° a chlúdach le linn nochtadh an scannáin sa gheata cuarach. I ndearthaí eile, úsáidtear ceamara rothlaithe is an scannán á bhogadh an t-am ar fad thar scoilt i bplána an fhócais, nó leagan amach le priosma rothlaithe os comhair an lionsa.