Ceallalós

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

(C6H10O5)n, polaisiúicríd struchtúrtha a fhaightear den chuid is mó i mballaí na gceall in ábhar adhmadach is plandúil, cosúil le cadás. Is polaiméir comhdhlúthucháin glúcóis í atá isiméireach le stáirse. Príomhamhábhar páipéir. Cruthaítear díorthaigh thábhachtacha de trí eistearúchán, cuid de na grúpaí hiodrocsaile, ina measc réón (aicéatáit cheallalóis), gunnachadás (níotráit cheallalóis nó nítriceallalós). Foirm ceallalóis, sínte i leatháin thanaí thrédhearcacha, is ea ceallafán, a úsáidtear chun bia is earraí somhillte eile a phacáil.