Nítriceallalós

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Comhdhúil a dhéantar trí ghníomhú aigéid nítrigh ar chealallós. Rinne an ceimicí Gearmánach Christian Friedrich Schonbein (1799-1868) é den chéad uair i 1845. Bhí a thréithe pléasctha doláimhsithe ar dtús, gur cuireadh i bhfoirm gunnachadáis é timpeall 20 bliain ina dhiaidh sin. Nuair a mheasctar le nítriglicrín é, feidhmíonn an meascán mar phríomhchomhábhar i bpléascáin réabtha is tiomáintigh. Ar feadh blianta fada baineadh úsáid as foirmeacha áirithe níotráit chealallóis nach raibh chomh hinlasta sin i ndéanamh plaisteach, agus mar bhun scannán fótagrafach.