Ceadharlach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Raon cineálacha plandaí, ilbhliantúil den chuid is mó, a fhaightear i ngach tír, beagnach, ach amháin san Afraic. Cuid mhaith díobh, is alpaigh iad a fhásann go híseal. Na duilleoga urchomhaireach iomlán. Na bláthanna roinnt ceintiméadar ar fhad, tonnadóirchruthach nó clogchruthach, go minic le feadáin fhada is 5 mhaothán leata, de ghnáth dúghorm ach uaireanta bán, buí nó dearg.