Cat Schrödinger

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cat Schrödinger

Is éard atá i gceist le cat Schrödingersmaointurgnamh (nó paradacsa mar a thugtar uaireanta air) a bhí curtha chun cinn ag an bhfisiceoir Ostarach Erwin Schrödinger sa bhliain 1935, cé gur le hAlbert Einstein an chéad leagan de[1]. Léiriú a bhí ann, dar le Schrödinger, ar an locht a chuir an léirmhíniú Chóbanhávan (dearbhaithe ag Niels Bohr agus Werner Heisenberg) ar thionchar na meicnice candamaí ar ghnáthghníomhartha an lae as riocht.

An cás a chuirtear i láthair ná cat hipitéiseach ar féidir leis a bheith beo agus marbh araon san am céanna, i staid ar a dtugtar forshuíomh candamach, de bharr nasc le heachtra fánach fo-adamhach a tharlódh nó nach dtarlódh.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Schrödinger, Erwin (November 1935). "Die gegenwärtige Situation in der Quantenmechanik