Cartagrafaíocht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Léarscáil iardheisceart Éireann

Tógáil léarscáileanna is cairteacha. Trí úsáid siombailí, litreoireachta is teicníochtaí scáthlínithe, léirítear sonraí mar gheall ar réigiún ar léarscáil (mar shampla, a rilíf, úsáid na talún, dlús an daonra) chun gur féidir eolas a fháil air. Faightear na sonraí seo ó fhoinsí éagsúla cosúil le suirbhéireacht, saothar allamuigh, is cianbhraiteacht. Den chuid is mó déantar cartagrafaíocht an lae inniu le cabhair ríomhairí, agus uathchartagrafaíocht i bhfeidhmeanna meitéareolaíochta is a leithéid.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Cartagrafaíocht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 119.