Carbónáit

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Salainn an aigéid charbónaigh a chuimsíonn an t-ian CO32-. Tá na carbónáití aolchloch, carbónáit chailciam, CaCO3, atá beagnach dothuaslagtha, carbónáit mhaignéisiam, MgCO3 is dolaimít, CaMg(CO3)2 tábhachtach. Tugtar sóid níocháin ar charbónáit sóidiam ina foirm hiodráitithe Na2CO3.10H2O, agus is oibreán glanta í mar go bhfuil sí bunata is ina bogthóir uisce a dheascann carbónáit chailciam is carbónáit mhaignéisiam.