Carat

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Tomhas ar íonacht an óir i gcóimhiotal. Is ionann carat is páirt amháin óir as 24 páirt (1/24), agus luaitear an íonacht in uimhir éigin carat. Is ór íon é cóimhiotal 24 carat. I miotal 12 carat, is ór leath de. Úsáidtear an téarma le ciall eile maidir le clocha lómhara, aonad maise cothrom le 200 mg.