Carachtair alfa-uimhriúla

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Tacar carachtar a chuimsíonn litreacha na haibítre go léir, idir chás uachtair (A-Z) is chás íochtair (a-z), na digití (0-9), agus roinnt carachtair poncaíochta. Baintear feidhm as an téarma i dtaobh méarchlár agus i ríomhaireacht gnó, i dteangacha ríomhchláraithe cosúil le Cobol go háirithe.