Caisleán Chill Chré

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Caisleán Chill Chré
Íomhá
Sonraí
CineálTúrtheach
Map
 51°52′N 8°43′W / 51.87°N 8.72°W / 51.87; -8.72

Fothrach de túrthí agus bábhún ón 15ú haois é Caisleán Chill Chré atá suite in aice le Prióireacht Chill Cré, siar ó Chathair Chorcaí, Éire. Is é Cormac Laidir MacCarthy, 9ú Tiarna Múscraí, a thóg an túrtheach agus an mainistir.

Suíomh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Seasann Caisleán Chill Cré i roschoill, a beagnach chuireann i bhfolach é, i ngleann na Bríde ar a bruach deas (deisceartach). Is craobh-abhainn ar thaobh na láimhe deise den Laoi í an Bhríde seo (ní an Bhríde a shníonn isteach san Abhainn Mhór i gCúige Mumhan).

Prióireacht Chill Cré gar don oirthear, ar an taobh céanna den abhainn. Is é Na hUamhanna an sráidbhaile is gaire. Tá sé idir Cathair Chorcaí agus Maigh Chromtha.

Stair agus tógáil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chríochnaigh Cormac Laidir MacCarthy, 9ú Tiarna Múscraí agus bunaitheoir Prióireacht Chill Cré, an caisleán faoin mbliain 1465, i gceantar riascach thar sean dún a cheaptar gur bhaineann leis an Chré-umhaois.[1]

Tógadh an struchtúr iomlán ag féachaint ó thuaidh (i dtreo na Bríde), leis an bpríomh túrthí cúig stór ar an taobh thiar agus an bábhún ar an taobh thoir i dtreo na mainistreach.[2] Tá iarsmaí de thúr trí stór ar an gcúinne thoir theas den bhábhún. Deir téacs ó na 1840idí go raibh an bhábhún iata le dhá thúr cearnacha,[3] ach cailltear aon fhianaise fhisiciúil go bhfuil an dara túr ar an mbábhún ag an casarnach.

I lár an 19ú haois tógadh gearradh de Iarnród Chorcaí agus Mhaigh Chromtha nach bhfuil in úsáid anois trí mhóta an chaisleáin ar an taobh thuaidh.

Úinéireacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Murab ionann agus an mhainistir, atá faoi úinéireacht an stáit agus á chothabháil ag Seirbhís Séadchomharthaí Náisiúnta na hÉireann,[4] tá na fothracha ar thailte faoi úinéireacht phríobháideach, an talamh atá díreach timpeall ar, agus na fothracha féin san áireamh, ag feidhmiú mar fheirm eallaigh faoi láthair. Tá an caisleán liostaithe mar struchtúr cosanta ag Comhairle Contae Chorcaí.[5]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Westropp 1908.
  2. Windele 1839.
  3. Coyne (1841). “The Scenery and Antiquities of Ireland”. Dáta rochtana: 20 August 2014.
  4. National Monuments in State Care: Ownership & Guardianship” (PDF). National Monuments Service 6. Republic of Ireland (4 March 2009). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 12 May 2014. Dáta rochtana: 20 August 2014.
  5. Cork County Council - Record of Protected Structures (Structure number 00555)”. Cork County Council. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 4 March 2016. Dáta rochtana: 13 September 2014.