Caisleán Ó gCuanach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Caisleán Ó gCuanach
Íomhá
Sonraí
CineálSuíomh stairiúil agus caisleán
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinAn Chúil Bhán, Éire
Map
 52°34′57″N 8°15′36″W / 52.58253°N 8.26003°W / 52.58253; -8.26003

Túrtheach ón 13ú haois is ea Caisleán Ó gCuanach, ar a dtugtar Caisleán an Chúil Bháin chomh maith, atá suite i gContae Luimnigh, Éire.[1][2]

Suíomh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Caisleán Ó gCuanach suite 2.6 ciliméadair (1.6 míle) thiar theas ó shráidbhaile Dún Bleisce. Tá sé suite ar bhruach thiar Abhainn Cheathrú na hAille, craobh-abhainn den Abhainn Mharbh, í féin ina craobh-abhainn de chuid na Maoilchearna.[3]

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tógadh an caisleán thart ar an bhliain 1225 ag lánúin chumhachtach Normannach, William agus Matilda de Marisco.[4] Tá féideartheacht ann go raibh dún níos luaithe ar an suíomh, a tógadh sa 12ú haois. Choigistigh an Rí Eoin an talamh sa bhliain 1210.

I mí na Samhna 1234 chaill muintir de Marisco an caisleán mar phionós as tacaíocht a thabhairt do Risteard Marshal, 3ú hIarla Pembroke in aghaidh an Rí. Bhronn Rí Anraí III é do Lúcás, Ardeaspag Bhaile Átha Cliath. I 1242, thug Lúcás léas 20 bliain ar mhainéar Uí Chuanach do Mhuiris Mac Gearailt, 2ú Tiarna Uíbh Fhailí. Thóg an Rí ar ais é sa bhliain 1244.[3]

I 1281 bronnadh é ar Otto de Grandson. Tháinig meathlú ar an caisleán tar éis sin.[3]

Tá an caisleán ar thalamh cothrom agus é ar an teorainn le fána cuarach ar an taobh theas. Tá an daingean 14.3 m × 9 m (47 tr × 30 tr) go hinmheánach, agus bhí airde suas le 14 m ar na ballaí (ní mhaireann ach cuid de na ballaí).[5] Tá an túirín 5.2 m x 3.4 m go seachtrach. Bhí ballaí an-tiubh ag íoslach an daingin, suas le 3.3 m (11 tr) in áiteanna.[3]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]