Cóiméad Encke

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Cóiméad a taifeadadh den chéad uair i 1786, an cóiméad leis an tréimhse fithise is lú, 3.3 bliain. Rinne an réalteolaí Gearmánach Johann Franz Encke (1791-1865) dianstaidéar air i 1819, a thaispeáin go raibh an tréimhse níos lú (2.5 uair níos lú) agus níos tapa ná mar a tuigeadh go dtí sin, mar thoradh ar fhórsaí nárbh fhórsaí domhantarraingteacha iad. Taifeadadh níos mó ná 50 cuairt a thug an cóiméad go dtí seo.