Branch, Talamh an Éisc

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilBranch, Talamh an Éisc

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 46°53′N 53°58′W / 46.88°N 53.97°W / 46.88; -53.97
Stát ceannasachCeanada
Cúige CheanadaTalamh an Éisc agus Labradar Cuir in eagar ar Wikidata

Is paróiste beag suite cois farraige ar chósta oirdheisceart Thalamh an Éisc í Branch. Bhí 247 duine ag maireachtaint ann sa bhliain 2011, síos ó 309 duine sa bhliain 2006. Bhunaigh Caitliceach Éireannach darb ainm Thomas Nash an lonnaíocht. Ba as Callainn i gContae Cill Chainnigh do Thomas Nash. Ba í Branch ceann dos na chéad lonnaíochtaí Eorpacha ar Thalamh an Éisc. San am roimhe sin bhíodh na hEorpaigh ag iascaireacht timpeall ar Thalamh an Éisc, ach ní raibh aon Eorpach ag maireachtaint ann an bhliain ar fad.