Braisle oscailte

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Braisle oscailte

Grúpa de na céadta réaltaí réasúnta óg (de réir cineáil, níos lú ná cúpla céad milliún bliain d'aois) a cruthaíodh ag an am céanna is atá fós gar dá chéile. Tugtar braisle réaltrach ar a leithéid freisin. Tá timpeall 1,000 díobh i mBealach na Bó Finne. Samplaí is ea an Phléadach is an Hiádach.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Braisle oscailte". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 87.