Braille

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Clóchóras a dhear Louis Braille i 1829 chun gur féidir le daoine dalla léamh is scríobh i dteanga scríofa. Sraith ceall atá ann, le maitrís 3 × 2 de phoncanna cabhraithe i ngach cill, ar féidir a bpatrún a bhrath leis na méara. Sa bhunchóras, seasann patrún ar leith do gach litir, uimhir, marc poncaíochta is oiread beag focla. Tá córais ríomhaire ar fáil anois le téacs scríofa a aistriú go cló Braille is a mhalairt.