Bráithreachas Sagartúil Naomh Peadair

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Bunaíodh Bráithreachas Sagartúil Naomh Peadair (Laidin: Fraternitas Sacerdotalis Sancti Petri - FSSP) ar an 18 Iúil 1988, tar éis do scata beag sagairt agus ábhar-sagairt Cumann Pius X a fágáil nuair a cuireadh coinneal-bhá ar an Ardeaspag Marcel Lefebvre. Bhí an grúpa seo i dteagmháil leis an Cairdinéal Ratzinger (anois an Pápa Beinidict XVI) agus an Msr Josef Stimpfle, Easpag Augsburg. Chuireadh fúthu i Wigratzbad na Baváire i ndeoise Augsburg. Ar 18 Deireadh Fómhair 1988, tugadh aitheantas dóibh mar chumann cléire na beatha aspalda de réir dleachta pontifiúil.

ord rialta é an Bráithreachas, ach comhphobail sagart saolta atá ann chun gá aspalda na hEaglais a freagairt agus Leabhar Aifrinn 1962 a úsáid. Léann siad an tAifreann Laidineach de réir riotais an Phápa Eoin XXIII (ar a tugtar an Aifreann Treinteach air chomh maith). Tá dhá chliarscoil ag an Bráithreachas: Coláiste Peadar Naofa, Wigratzbad sa Ghearmáin agus Coláiste Muire Guadalupe, Denton, Nebraska sna Stáit Aontaithe. Tá tithe ullmhúchána ag an Bráithreachas sa Fhrainc agus san Astráil chomh maith. Idir Meán Fómhair 2008 agus Nollaig 2010, bhí Aifreann míosúil ag an mBráithreachas i nDroichead Nua, Co Chill Dara. Ó shin i leith, tá ceangal acu leis an aifreann Laidinigh i Séipéil Peadar agus Pól i gCorcaigh.

Cé gur lucht Fraincise agus Gearmáinise na bunaitheoirí, leathan an Bráithreachas amach go fíor-thapaidh i ndomhain an Bhéarla. Ba Eilvéiseach Gearmánach an chéad ard-uachtarán ag an mBráíthreachas, an tAthair Josef Bisig. Ba Frainceach an comharba air, an tAthair Arnaud Devillers agus is Meiriceánach an ard-uachtarán atá ann anois, an tAthair John Berg.

Ó thús umhail, tá tuaraim is 200 sagairt agus 120 ábhar-sagairt anois. Tá siad ag obair i 17 tír faoi láthair.

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]